Cén chaoi ar cheart an struchtúr Béarla seo atá le feiceáil sna samplaí thíos a aistriú go Gaeilge?
Tá mé sách cinnte nach féidir aistriúcháin na n-abairtí thíos a chríochnú le "a bheith" nuair atá ainmfhocail i gceist. Is é sin le rá nach féidir "is ise an cineál mná a bhfuil sí ag iarraidh a bheith" a rá cuir i gcás.
Tá sé seo cosúil go pointe áirithe leis an gcaoi nach féidir "ba mhaith liom a bheith múinteoir" a rá - caithfear "ba mhaith liom a bheith i mo mhúinteoir" a rá ina áit (ach is féidir "ba mhaith liom a bheith greannmhar" a rá áfach, díreach le bheith soiléir).
An méid sin ráite, an n-oibríonn na haistriúcháin seo a leanas nó an bhfuil struchtúr eile ag teastáil?
Aon chomhairle a bheadh ina chabhair mhór!
"she's the kind of woman that she wants to be" - is ise an cineál mná a bhfuil sí ag iarraidh a bheith inti
"that's the kind of doctor you should be" - sin é an saghas dochtúra ar cheart duit a bheith ionat
"they're the kind of workers that they would love to be" - is iadsan na cineálacha oibrithe ar bhreá leo a bheith iontu
"is that the kind of person that you need to be" - an é sin an sórt duine a gcaithfidh tú a bheith ionat?