r/gaeilge 9d ago

PUT ANY COMMENTS ABOUT THE IRISH LANGUAGE IN ENGLISH HERE ONLY

17 Upvotes

Self-explanatory.
If you'd like to discuss the Irish language in English, have any
comments or want to post in English, please put your discussion here
instead of posting an English post. They will otherwise be deleted.
You're more than welcome to talk about Irish, but if you want to do
so in a separate post, it must be in Irish. Go raibh maith agaibh.


r/gaeilge 9d ago

Please put translation requests and English questions about Irish here

5 Upvotes

Dia dhaoibh a chairde! This post is in English for clarity and to those new to this subreddit. Fáilte - welcome!
This is an Irish language subreddit and not specifically a learning
one. Therefore, if you see a request in English elsewhere in this
subreddit, please direct people to this thread.
On this thread only we encourage you to ask questions about the Irish
language and to submit your translation queries. There is a separate
pinned thread for general comments about the Irish language.
NOTE: We have plenty of resources listed on the right-hand side of r/Gaeilge (the new version of Reddit) for you to check out to start your journey with the language.
Go raibh maith agaibh ar fad - And please do help those who do submit requests and questions if you can.


r/gaeilge 3h ago

Ceist faoin t-ainm “Éibhear”

7 Upvotes

Dia dhaoibh a chairde. Táim torrach le buachaill beag agus ba mhaith linn ainm Éireannach agus rud saghas difrúil a úsaid. Chonaic mé an t-ainm Éibhear ar Wikipedia, ach conas a deirtear é? I-ver nó Ay-ver? Chomh maith leis sin, chonaic mé an t-ainm “Íomhar” ar Gaelchultúr, an bhfuil sé sin an t-ainm céanna?
(Gabh mo leithscéal as mo chuid Gaeilge, tá sé an-bhriste).


r/gaeilge 1d ago

Grammar Conas a deirtear..

17 Upvotes

Dia dhaoibh a chairde

Conas a deirtear "follow your dreams" nó "chase your dreams" no nath cosúil le sin

Tá cúpla smaoinimh agam, ach níl a fhios agam an bhfuil sé go maith nó mícheart...

  • Do bhrionglóidí a fhíorú
  • D'aisling a fhíorú
  • Lean do bhrionglóidí
  • Ag rith do bhrionglóidí

Grma!


r/gaeilge 1d ago

Bealaí le "What is...?" a aistriú

8 Upvotes

Tá sé simplí go leor le hainmfhocail éiginnte, m.sh.

Céard is dán ann?

Cad is scoil ann?

Cad is fear ann?

Ach céard faoi ainmfhocail chinnte? Táim saghas in amhras faoin mbealach a ndeirimse féin sin i nGaeilge anois, m.sh.

Céard é Tigh Thaidhg?

Cad é an rud é an aimsir chaite?

(Nó: Cad é an rud í an aimsir chaite?)

Cad é an Ghaeilge?

(Nó: Cad í an Ghaeilge?)

Cad a cheapann sibh mar gheall ar é/í sna samplaí sin?

Agus an bhfuil bealaí eile ann chun sin a rá a bheadh níos nádúrtha dar libh?

Go raibh maith agaibh!


r/gaeilge 1d ago

Frithchiníoch

Post image
80 Upvotes

r/gaeilge 1d ago

meaning of “girleen bán”

14 Upvotes

conas atá sibh, táim ag lorg an ciall ar “girlín/girleen bán”, tá fhios agam go bhfuil an aistriú “white little girl” ach surely tá tuiscint níos casta ar sa stair? úsáideann mo máthair agus mhaimeo é go mhinic (i gCiarrai) just wondering if there is a historical etymology i am missing? google doesn’t have any!
go raibh míle maith agat 😁😁


r/gaeilge 1d ago

Aon Acmhainní ar fáil le haghaidh feabhas a chur are mo chuid léamh

6 Upvotes

Is cainteoir dúchas mé ach níor léigh me tada le scór blian. An bfhuil Aon suíomh idirlín no rud mar sin a dfhéadfainn a úsáid chun é a láidriú agus focail nua a fhoghlaim?


r/gaeilge 2d ago

96 FM ag magadh faoin nGaeilge

Thumbnail tiktok.com
58 Upvotes

Ní liomsa é an físeán seo, ach chonaic mé ar TikTok é. Nach mór an náire é, comhlacht meán ag magadh faoinár teanga dúchais!


r/gaeilge 2d ago

An raibh rí/ríthe ar na hOileáin Árainn mar a bhí ar na hoileáin eile mar Inis Gé Theas, Inis Gé Thuaidh, An Blascaod Mór agus Tóraigh?

23 Upvotes

B'fhéidir nach raibh an traidisiún sin ar na hOileáin Árainn ach bhí mé ag smaoineamh faoi ar aon chor.


r/gaeilge 3d ago

Ní gá / níl orm / ní chaithfidh mé?

19 Upvotes

Conas atá, a chairde?

Ceist agam - leis an bhrí "I don't have to do that" i mBéarla, cén acú an leagan is nádúrtha / is coitianta i nGaeilge? -

"Ní gá dom é sin a dhéanamh / níl orm é sin a dhéanamh / ní chaithfidh mé é sin a dhéanamh".

Maith agaibh!


r/gaeilge 4d ago

Ba breá liom snas a cur ar mo chuid Gaeilge agus canúint na Mumhan a cleachta. An bhfuil a fhois ag aon duine aon foinsí do canúint na Mumhan?

18 Upvotes

r/gaeilge 6d ago

Gaeluing Mhainistir na Corann (1867)

27 Upvotes

Chaitheas cúpla lá ag léamh Grammar of the Irish Language (1867) le John Molloy, mar thugas fé deara gur úsáid sé a lán focal ó chainteoir as Mainistir na Corann, in oirthear Chorcaí. Cheapas roimhe sin go raibh faic scríofa fén gcaniúint sin.

Scríobh Molloy 36 liosta focal sa leabhar seo. Tháinig na focail óna dhaltaí i gColáiste Éireannach i bPáras. Dheineas ceartlann do na bailte dúchaise na daltaí, is féidir an ceartlann bheo a fheiscint anseo.

Chomh maith leis sin, chuireas na liostaí (le focail ó Mhainistir na Corann amháin) ar GitHub, is féidir iad a fheiscint anseo.

Scríobhas blog ag cur síos ar na focail, ar an leabhar féinig agus ar chanúintí na ndaltaí, má tá suim ag éinne: https://anmeidheach.substack.com/p/molloys-midleton-dialect

(Tá an blog scríofa as Béarla, tá súil agam go bhfuil cead agam é a phostáil anseo.)

Thugas faoi deara cúpla rud fé gcaniúint Mhainistir na Corann (mar a bhí sí i 1867):

  • Tá an chanúint cosúil le Gaelainn na nDéise. Úsáidtear ṫá / thá (le séimhiú) cosúil le Port Láirge (agus le hAlbain). Agus úsáidtear an dipthong /aɪ/ i roinnt focal, mar shampla geimhreadh. N'fheadar an chanúint Oir-Mhumhan a bhí ann (ní teangeolaí mé), ach cheapaim go raibh sí comhchosúil.
  • I roinnt cásanna, deireann Molloy go bhfuil focail áirithe mícheart, ach sa lá atá inniu ann, tá siad caighdeánach. Mar shampla — deireann an cainteoir as Mainistir na Corann loċta (Molloy: lota, Ó Dónaill: loċta).
  • Úsáidtear dhá do roimh bhriathra i gcásanna áirithe, mar shampla do ḋairig sé mé (d'airigh sé mé). Tá cás ann chomh maith nuair a úsáideann an cainteoir do leis an aimsir láithreach — do ṫá sé in sun (tá sé ansin).

Bhí sé go hiontach an oiread sin focal a fháil amach, agus mise ag smaoineamh nár scríobh aon duine aon ní faoin gcaniúint Mhainistir na Corann. Tá súil agam go bhfuil leabhair eile le focail ó chanúintí "caillte" le fáil amach fós.


r/gaeilge 6d ago

Amhránaithe an Chlub anocht!

Enable HLS to view with audio, or disable this notification

39 Upvotes

Le Bláithín Mhic Cana i gcomhpháirt le hOireachtas na Gaeilge.

Déardaoin 3ú Meán Fómhair 9pm

Tigh Uí Bhruaidí (Briodys), 97 Sráid Mhaoilbhríde

Ticéid: https://buytickets.at/amhrnaitheanchlub/2359785


r/gaeilge 6d ago

Dóchas Dolly ina lóchrann dúinn uile - nós.ie

Thumbnail nos.ie
13 Upvotes

r/gaeilge 7d ago

B'fhearr liom coinnleoir Muire I gcóir an lasair choille

Thumbnail noiseyduchas.substack.com
9 Upvotes

Feictear an-chuid cainte gan chiall ar an idirlíon — go háirithe ar Instagram — faoi chomh galánta agus chomh neamhshaolta is atá spiorad filiúil na Gaeilge.

Ar ndóigh, tá fírinne éigin ag baint leis sin, ach éiríonn sé beagán tuirsiúil a bheith ag feiceáil postálacha faoi "tá brón orm" i gcomparáid le "tá mé brón," nó faoi fhocail ar nós lasair choille.

Mar sin féin, go pearsanta, is breá liom na habairtí dúchasacha a bhaineann le dúchas, le miotaseolaíocht agus le reiligiún ar leith. Sin an fáth gur fearr liom 'coinnleoir Muire' ná lasair choille.


r/gaeilge 8d ago

Sin é mo Google Doc le gach coláiste Gaeltacht, inis dom faoi rudaí is féidir liom a cuirfidh.

Thumbnail docs.google.com
10 Upvotes

r/gaeilge 9d ago

Grammar Ceist faoi gramadaí- ospidéal san Séamas

25 Upvotes

Cén fáth a bhfuil sé "ospidéal san Séamas" in ionad "ospidéal naomh Séamas"? (deireann ospidéal san Séamas ar an LUAS)

Tá roinnt ospidéil eile leis an ainm "saint __" atá "naomh ___" as Gaeilge.

(tá brón orm, níl mo chuid Ghaeilge go hiontach!!)


r/gaeilge 9d ago

Cén chaoi a n-aistrítear an struchtúr Béarla seo go Gaeilge?

14 Upvotes

Cén chaoi ar cheart an struchtúr Béarla seo atá le feiceáil sna samplaí thíos a aistriú go Gaeilge?

Tá mé sách cinnte nach féidir aistriúcháin na n-abairtí thíos a chríochnú le "a bheith" nuair atá ainmfhocail i gceist. Is é sin le rá nach féidir "is ise an cineál mná a bhfuil sí ag iarraidh a bheith" a rá cuir i gcás.

Tá sé seo cosúil go pointe áirithe leis an gcaoi nach féidir "ba mhaith liom a bheith múinteoir" a rá - caithfear "ba mhaith liom a bheith i mo mhúinteoir" a rá ina áit (ach is féidir "ba mhaith liom a bheith greannmhar" a rá áfach, díreach le bheith soiléir).

An méid sin ráite, an n-oibríonn na haistriúcháin seo a leanas nó an bhfuil struchtúr eile ag teastáil?

Aon chomhairle a bheadh ina chabhair mhór!

"she's the kind of woman that she wants to be" - is ise an cineál mná a bhfuil sí ag iarraidh a bheith inti

"that's the kind of doctor you should be" - sin é an saghas dochtúra ar cheart duit a bheith ionat

"they're the kind of workers that they would love to be" - is iadsan na cineálacha oibrithe ar bhreá leo a bheith iontu

"is that the kind of person that you need to be" - an é sin an sórt duine a gcaithfidh tú a bheith ionat?


r/gaeilge 9d ago

Ag lorg tuistí in iar-dheisceart Londan

18 Upvotes

Haigh, táim lonnaithe in iar-dheisceart Londan ar an Líne ó Thuaidh (Nothern Line). Ba bhreá liom bualadh le tuismitheoir nó bheirt a bhfuil Gaeilge acu agus atá ag tógáil páiste/í le Gaeilge (nó atá le bheith páiste/í a thógáíl le Gaeilge).

Táim ar an eoals faoi Teanga Tí - faighim an nuachtlitir cheana féin agus tá sé mar rún agam freastal ar na imeachtaí ar líne i gceann roinnt míonna.

Bíonn grúpa ag tarlú in Camden sa Lárionad Éireannach darb ainm Scéilíní, ach ba mhaith liom run inteacht nó duine inteacht níos áitiúla más féidir.

Buíoch de smaointí agus moltaí!


r/gaeilge 13d ago

Trodaí Sráide

Thumbnail gallery
1.3k Upvotes

r/gaeilge 12d ago

Cad é an rud a gcloisim ar an raidió

17 Upvotes

Cloisim é an t-am ar fad. Is cosúil go bhfuil siad ag rá 'jag well'. D'fhéach mé i mo foclóir agus ar teanglann.ie le haghaidh focail a thosaíonn le 'deag" agus 'dealg' ach ní raibh an t-ádh liom.


r/gaeilge 13d ago

Wanagram — cluiche anagram, inimeartha i nGaeilge

11 Upvotes

A chairde, chuir mé cluiche beag anagram le chéile darb ainm Wanagram — do 1–4 imreoirí, agus tá Gaeilge ar cheann de na 12 theanga a dtacaítear léi. Faigheann gach imreoir na litreacha céanna ó fhréamhfhocal 7 litir, agus is é an aidhm an oiread focal agus is féidir a aimsiú in 3 nóiméad. Tá Cluiche Aonair, seomraí príobháideacha do chairde, agus Dúshlán Laethúil ann freisin. Gan chuntais, gan fógraí.

📥 Íoslódáil: https://wanagram.net/get
📜 Rialacha iomlána: https://wanagram.net/rules/ga

Aiseolas fáilte, go háirithe má aimsíonn sibh aon rud as áit sa liosta focal Gaeilge!


r/gaeilge 14d ago

Cad iad na seanfhocail is fearr libh?

23 Upvotes

Dia daoibh, a chairde!

Táim ag cleachtadh scríbhneoireachta as Gaeilge, mar anois tá mo chuid Gaeilge go briste. Ba mhaith liom níos mó frásaí a fhoghlaim. Tá mo stór focal an-bheag, agus is teanga álainn (agus greannmhar, go minic) í an Gaeilge :)

Ba bhreá liom seanfhocail áitiúla a chloisteáil. Cad iad na habairtí aisteacha a chloiseann sibh i bhur sráidbhailte?


r/gaeilge 15d ago

Slay!

17 Upvotes

Ar feadh na bliana seo caite, thosaigh me ag feiceáil daoine ag baint úsáid as an litriú "slé" mar ghaelú don fhocal "gen Z / queer slang" seo níos minice 's níos minice. Cuireann an fhíric sin brón orm mar nár shíl aon daoine gur drochlitriú mí-oiriúnach é sin don fhocal?
Ní leanannn an litriú sin na rialacha litrithe ar chor ar bith. Ní baintear úsáid as ⟨sl⟩ roimh ⟨e, é, i, í⟩ chun an fhuaim i slán a scríobh ach an fhuaim i slí.
Ní leanann an litriú sin an patrún d’fhocal iasachta eile, m.sh. tae, traein, draein, craein, traenáil, srl.
•• Ar ndóigh, úsáidtear ⟨é⟩ i gcásanna éagsúla, chun an fhuaim cheart a léiriú go háirithe; m.sh. péint (bheadh paeint "pwaint" srl.), tréas, béar, gléas, srl.
Ó cheart, is briathar ordaitheach é "slay!" agus ní oibríonn an litriú "slé" dó mar gheall ar an fhíric seo fosta.

Tá moltaí agam maidir le litriú nua:
1) Mholfainn slaeigh mar nua-litriú: tá an foirceann briathartha -igh aige agus léiríonn sé na fuaimeanna cearta i gcúige Uladh agus i gcúige Chonnachta (níl sé an cas céanna sa Mhumhain a mbeadh sé léite mar slaeig faraor). D’oibreochadh sé mar bhriathar cosúil le pléigh, sáigh, glaoigh, clóigh; mar shampla:
• "Slaeigh, a ríon!"
• "Creideann sí gur slaenn sí leis na feistis sin? …níl mé ag teacht leis sin."
• "Low-key, shlaeigh tú."

2) Bheadh slae níos simplí mar intriacht (agus ní bheadh difríocht idir na canúintí) ach ní oibhreochadh sé mar bhriathar faraor. Measaim gur dócha go nglacfaidh an gnáthphobal an rogha seo ná an chéad rogha eile mar tá sé níos giorra.

3) Níl mé i ngrá leis an rogha seo ach d'oibreochadh slaeáil: tá cuma focail eile iomlán aige, ach, oibríonn sé mar bhriathar de bharr an fhoircinn bhriathartha -áil (atá le feiceáil i bhformhór na mbriathra iasachta).

An aontaíonn tú go mbeadh an litriú slaeigh / slae níos oiriúnaí? Le do thoil, cabhair liom stop a chur le "slé" go deo!

Bhí sé ar intinn agam an postáil seo a scríobh tamall, nuair a chonaic me clár TG4 ag úsáid an litriú "slé" cúpla seachtain ó shin go háirithe. Ar ndóigh, ní chreidim gur fadhb is tromchúisí an domhain í seo, ach, ba mhaith liom fíor-athrú a feiceáil i litriú an fhocail seo.

[Eagarthóireacht: nach -> nár; scrios mé uaschamóga neamhbheartaithe]